Morgan Brothers
  • Home
  • Today
  • Yesterday
  • Tomorrow
  • Work With Us

SCANNÁNAÍOCHT


Down by the River (ireland - Portugal - Brazil)

Picture
Goideann ANDERS (17) damhán alla marfach ó Zú Bhaile Átha Cliath agus éalaíonn sé go dtí Foraois Bháistí na hAmasóine chun é a ligean saor. ​

Comhléiriú idir trí thír – Éire, an Phortaingéil agus an Bhrasaíl is ea an fadscannán d’aosaigh óga,‘’Down by the River”. Déantar iniúchadh ann ar théamaí ábhartha cosúil leis an gcomhshaol, an néara-éagsúlacht agus an teaghlach.

SUNsets never wait (Ireland - USA)

Is fadscannán, bunaithe ar an úrscéal sárdhíola le Jonathan Cullen é Sunsets Never Wait. Baineann an scéal le beirt nach léir dóibh an bealach rompu sa saol agus tá sé suite i gcúlra spreagúil Chonamara. 

Comhléiriú le TBC i Stáit Aontaithe Mheiriceá atá sa tionscadal iontach seo agus tá súil againn tús a chur leis an scannánaíocht in 2024.

Picture

AMHARCLANN


Immortal

Is ceoldráma nua lánfhada é "Immortal" atá feiliúnach don teaghlach ar fad. Agus é ag tosú san áit ar chríochnaigh an miotas cáiliúil de chuid na hÉireann, Oisín i dTír na nÓg, tá ár gceoldráma dírithe ar Plur agus í ag taisteal ón tír dhraíochta aici féin go hÉirinn ar thóir a hathar. 
​


Ag deireadh na bliana 2021, chuir muid taispeántas ‘obair idir lámha’ de "Immortal" ar stáitse in Amharclann Halla na Cathrach, i nGaillimh. Nuair a bhíonn saothar á réiteach don stáitse, ní féidir a bheith cinnte an oibreoidh sé nó nach n-oibreoidh nó go bhfeicfidh tú é le lucht féachana beo. Rud dúshlánach a bhí ann taispeántas a reáchtáil le linn phaindéim Covid-19 le foireann de 10 aisteoir, ach ba mhór an sásamh a thug sé dúinn ár scéal a fheiceáil ag teacht chun beatha agus é fós ina thús. 
Picture
ALL RIGHTS RESERVED 2023
Business Reg #: 618151
Cathedral Buildings, Abbeygate Street Lower, Galway, Ireland, H91 R99K
  • Home
  • Today
  • Yesterday
  • Tomorrow
  • Work With Us